skip to main content

Cáipéisí Stáit: Leithscéal ón Státrúnaí faoi chás McAnespie

Aidan McAnespie
Aidan McAnespie

Cáipéisí Stáit: Leithscéal ón Státrúnaí faoi láimhseáil chás Aidan McAnespie

Ghabh Státrúnaí an Tuaiscirt leithscéal pearsanta le hAire Gnóthaí Eachtracha na hÉireann i 1988 faoin dóigh ar láimhseáil a oifig cás Aidan McAnespie. Ar an 25 Samhain seo caite ciontaíodh David Holden, iar-shaighdiúir de chuid arm na Breataine, i ndúnorgain Aidan McAnespie.

Tá an leithscéal a ghabh an Státrúnaí, Tom King, le feiceáil anois i gcomhad faoin ábhar atá scaoilte saor ag an Chartlann Náisiúnta faoin Riail 20 Bliain. Léiríonn an comhad fosta gur fhiosraigh an Roinn Gnóthaí Eachtracha an raibh deoch meisciúil ólta ag Holden nuair a scaoil sé na hurchair a mharaigh McAnespie.

Aidan McAnespie

Maraíodh McAnespie ag seicphointe ar an teorainn idir Tír Eoghain agus Muineachán agus é ar a shlí go dtí cluiche CLG mí Feabhra 1988.

Bhí sé ina bhall den chlub áitiúil, Achadh Lú Uí Néill, atá lonnaithe i gContae Thír Eoghain ach a bhí sa stráice talún idir pointe seiceála arm na Breataine agus an teorainn le Contae Mhuineacháin. Go díreach sular thosaigh an cluiche chuaigh sé chun milseáin a cheannach i stáisiún peitril a bhí tuairim is céad slat ón phointe seiceála. Ach maraíodh é sular bhain sé an siopa amach. Dúradh gur bhuail piléar amháin sa chliabhrach é agus go raibh sé 200 slat ón phointe seiceála nuair a fuair sé bás. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois.

D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart i mí Mheán Fómhair 1988 nach rabhthas le leanúint leis an chás in éadan David Holden, cheal fianaise. Bhí an pobal náisiúnach agus Rialtas na hÉireann ar daoraí faoin chinneadh.

D’fhógair Rialtas na hÉireann go raibh Leas-Choimisinéir na nGardaí le fiosrúchán a chur ar bun faoin dóigh ar maraíodh McAnespie siocair nach raibh siad sásta leis an mhíniú a thug fórsaí slándála na Breataine ar a bhás. Ní raibh aon ghlacadh a bheag nó a mhór ag an Leas-Choimisinéir, Eugene Crowley, leis an mhíniú gur trí thaisme a scaoileadh na hurchair. Os a choinne sin, níor mheas sé gur mharaigh an saighdiúir Aidan McAnespie d’aon ghnó.

Léiríonn litir phearsanta a scríobh Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, chuig an Aire Gnóthaí Eachtracha, Brian Lenihan, ar an 4 Deireadh Fómhair, 1988 go raibh aiféaltas air faoin dóigh ar láimhseáil sé an cás. Cé gur ghlac an Státrúnaí seasamh láidir poiblí ar an chás, ba léir go raibh imní air go príobháideach faoin phrácás a rinne a oifig féin dó.

Sheol sé an litir rúnda seo tar éis cruinniú a bhí aige le Seán Ó hUiginn ón Roinn Gnóthaí Eachtracha. "This was a most unhappy matter for both of us and I am most anxious that we should discuss when we next meet how we can avoid this happening in this way," a dúirt King. "I was quite frank with Seán that I think the handling at this end was not good over providing some greater background information to explain on what basis the decision had been taken by the DPP. I see that this left open the possibility that there was in some way some similarity with the decisions not to prosecute in the Stalker/ Sampson case, where in fact there was no similarity at all, and it was simply on the issue of whether there was anything approaching adequate evidence on which to mount a prosecution."

Cé go mb'éigean do Rialtas na Breataine freagra láidir a thabhairt ar an imní a léirigh Rialtas na hÉireann faoi bhás McAnespie "I ensured that the reply was couched in as moderate a form as possible" a dúirt King. Dúirt an Státrúnaí leis an Aire Lenihan gur iarr sé ar a chuid feidhmeannach teacht ar mholtaí le go bhféadfaí réamhfhógra a thabhairt do Rialtas na hÉireann i dtaca le cinnidh i leith bhaill de na fórsaí slándála a chúiseamh in eachtraí foréigneacha: "I am writing this letter in strict confidence to you as I know you share my concern to try to avoid these minefields and the damage they do to relations between our countries."

Deoch Meisciúil

Tá eolas faoi urscaoileadh Holden ó Arm na Breataine i 1990 ar fáil den chéad uair anois fosta. Dúirt feidhmeannaigh na Breataine go raibh fadhbanna meabhairshláinte aige agus go raibh sé neamh-infheidhme chun dualgais. Dúradh fosta go raibh sé 'hitting the bottle'. Léiríonn nóta lámhscríofa i gcáipéis ón Roinn Dlí is Cirt gur iarradh ar Dermot Gallagher, a bhí i gceannas ar an Rannóg Angla-Éireannach den Roinn Gnóthaí Eachtracha, a fhiosrú an raibh deoch meisciúil ólta ag Holden nuair a scaoil sé na hurchair a mharaigh Aidan McAnespie in Achadh na Cloiche i 1998.

David Holden a cúisíodh as dúnorgain Aidan McAnespie

Fiosrúchán Chrowley

An lá tar éis a mharaithe, bhunaigh Rialtas na hÉireann fiosrúchán faoi bhás McAnespie faoi stiúir Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána, Eugene Crowley. Bhí Tom King iontach feargach faoin fhiosrúchán seo. Ba i ndlínse na Poblachta amháin a bhí fiosrúchán Crowley ag feidhmiú, rud a chuir srian ar a gcuid oibre. Ní raibh a fhoireann ábalta cuairt a thabhairt ar an láthair, scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar an ghunna ná an té a bhíothas in amhras faoi a cheistiú. Ainneoin go leor éilimh le blianta fada anuas, níor foilsíodh tuarascáil Crowley ariamh. Ach tá na príomhdhintiúirí ar fáil ins na comhaid rúnda stáit. Is é an t-adhmad atá le baint ón tuarascáil ná nach raibh aon ghlacadh a bheag nó a mhór ag Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána leis an mhíniú gur trí thaisme a scaoileadh an t-urchar. Os a choinne sin, níor mheas sé gur mharaigh an saighdiúir Aidan McAnespie d’aon ghnó.

Ba í tuairim Crowley ná gur scaoileadh trí nó ceithre urchar ó mheaisínghunna ach nár scaoil an saighdiúir McAnespie d’aon ghnó. Cheistigh Crowley leagan an airm faoinar tharla : "It is open to conjecture that the soldier involved had McAnespie in his sights and, with whatever thoughts there may have been in his mind on what he would wish to do with him, he accidentally discharged a burst of fire."

Níor ghlac Tuarascáil Chrowley le cosaint an tsaighdiúra ar an eachtra ach an oiread: "It is difficult to accept the soldier’s reported defence that his fingers slipped when cleaning the gun. It is too much of a coincidence that the gun went off accidentally while McAnespie was in his sights."

Rialaigh Crowley gur sa droim (chan sa chliabhrach mar a dúradh ag an am) a scaoileadh McAnespie agus gur bhuail urchar é a d’athscinn ón talamh agus é ar a bhealach ó dheas.

Deirtear i dTuarascáil Crowley go raibh an RUC in amhras faoi Aidan McAnespie agus gur mheas siad go raibh sé ag bailiú faisnéise faoi bhaill de na fórsaí slándála i gceantar Achadh na Cloiche agus á tabhairt d’aonaid áitiúla an IRA. (Séanadh i gcónaí go raibh Aidan McAnespie ina bhall den IRA.)

Bhí Crowley fíorcháinteach faoin síorchiapadh a rinne na fórsaí slándála air: "He was subjected to an excessive amount of harassment by the security forces, which…went beyond the bounds of necessity and was not in accord with what one would expect from trained disciplined personnel."

* Craolfar Siar 20 Bliain ar TG4 ar an 29 Nollaig ag 7.15pm