skip to main content

Breis is milliún duine fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme

Breis is milliún duine fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme
Breis is milliún duine fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe de bharr stoirme

Tá breis is 1.5 milliún duine agus gnó fágtha gan aon chumhacht aibhléise sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada agus stoirm mhór geimhridh ag réabhadh sna tíortha sin.

Meastar go bhfuil tuairim is 240 milliún duine buailte ag an ndrochaimsir.

Tuairiscítear go bhfuil 19 tar éis bháis de bharr na drochaimsire agus an teocht chomh híseal le 45 céim celcius in áiteanna.

Tá cúrsaí iompair sna Stáit Aontaithe ina steig meig, bóithre dúnta agus eitiltí curtha ar ceal.

Deir Ranna Iompair go bhfuil cúrsaí go hainnis ar fad i Dakota Thuaidh agus Theas, Oklahoma agus Iowa le síobadh sneachta agus bóithre clúdaithe le leac oighir. Táthar ag moladh go láidir d'áitritheoirí fanacht sa bhaile.

Cuireadh tuairim is 5,000 eitilt ar ceal inné agus cuireadh moill ar 7,600 eitilt eile.

Tá an stoirm ollmhór ag leathnú os cionn 3,200 ciliméadar ó Texas go Quebec.