Tá Charles Sobhraj, a chreidtear a mharaigh os cionn 20 turasóir mala droma san Áis sna seachtóidí agus sna hochtóidí ar ais sa Fhrainc arís. Chaith sé nach mór 20 bliain sa phríosún i Neipeal.
Scaoileadh Charles Sobhraj amach as an bpríosún i Neipeal níos luaithe an tseachtain seo agus cead tugtha ag an gCúirt Uachtarach i Neipeal é a scaoileadh abhaile chun na Fraince ar chúiseanna sláinte.