Tá fainic curtha ag an Aontas Eorpach ar Elon Musk tar éis dó roinnt iriseoirí a chur ar fionraí ó Twitter.
Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo.
Ar Twittter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí ' go dírialta' agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha.
D'fhéadfadh Elon Musk bheith ag súil le smachtbhannaí go luath.
Chuir Twitter cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí tar éis dóíbh scríobh faoi úinéir nua an chomhlachta, Elon Musk. Dúirt seisean, i tvuít, gur bhain an cosc ar eolas pearsanta a fhoilsiú le gach duine, iriseoirí san áireamh. Doxxing an téarma a thugtar air seo go forleathan.
An t-eolas pearsanta a bhí i gceist é faisnéis faoi chúrsaí a eilteáin phríobháidigh a fhoilsiú ar na meáin shóisialta, mar a rinne an cuntas @elonjet. Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach.
Chuir Musk i leith an chuntais go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic de bharr an eolais seo bheith foilsithe.
Cuireadh cuntais eile ar fionraí ina dhiaidh sin cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo arís.
Ar dhuine díobh sin tá an Ciarraíoch Donie O'Sullivan, atá ina chomhfhreagraí aitheanta ag CNN.
Cuireadh cuntas Mastodon ar fionraí freisin, an comhlachct meán sóisialta atá á chur féin chun cinn mar rogha eile in ionad Twitter.
Mhaigh Musk thiar mí Aibreáin go raibh sé ag ceannach Twitter le cead cainte idirnáisiúnta a chaomhnú agus a chosaint.
Go gairid i ndiaidh dó dul i mbun an chomhlachta, thug sé cuireadh ar ais ar an árdán don iar-Uachtarán Trump.