Tá sé curtha i leith RTÉ ag cathaoirleach Choiste Aeráide an Oireachtais go bhfuil cur chuige iriseoireachta na heagraíochta i dtaca le hathrú aeráide de ag cothú deighilte agus coimhthís idir dhaoine faoin ngéarchéim.

Is é an Teachta Dála Brian Leddin ón gComhaontas Glas cathaoirleach an choiste.

Ag éisteacht den choiste inniu, mhaígh sé gur geall le "Coilichín Coc agus Circín na Lópaí in aghaidh a chéile" an cur chuige coimhlinteach atá glactha ag RTÉ ó thaobh cheist na haeráide de.

Is é is cionsiocair leis an modh oibre seo, dar leis, mian na heagraíochta an oiread lucht éisteachta, féachana agus léitheoireachta a mhealladh agus is féidir.

É sin, arsa an Loideánach, thar "ábhar dearfach" a chur ar fáil le dúil eolas a thabhairt don phobal.

Cháin sé go háirithe trí chlár ar leith, mar atá, Liveline, Drivetime agus Prime Time, faoi dheighilt agus choimhthíos a chothú idir dhaoine.

Mura bhfuil an plé a dhéantar ar RTÉ "cothrom agus cuimsitheach" agus má chuireann daoine in aghaidh iarrachtaí dul i ngleic leis an athrú aeráide de thoradh an phlé sin, a dúirt an cathaoirleach, fágann sin go bhfuil loicthe ag RTÉ [ar an bpobal].

Dúirt ceannasaí ábhar aeráide RTÉ Tara Peterman, áfach, go gcloíonn an eagraíocht le treoirlínte Údarás Craolacháin na hÉireann agus le treoirlínte RTÉ féin.

Tá dualgas ar an stáisiún, a dúirt sí, tuairimí an phobail a léiriú, bídís mar atá.

Ina ráiteas tosaigh, thug Tara Peterman le fios go bhfuil "ról ag RTÉ saoránaigh a chumasú i riocht agus go mbraitheann siad gur cuid den réiteach [ar ghéarchéim na haeráide] iad féin."

Níor ghlac ceannasaí RTÉ Raidió 1 Peter Woods le maíomh Brian Leddin go raibh an eagraíocht ag iarraidh deighilt agus coimhthíos a chothú.

Díospóireacht is ea túsphointe RTÉ, seachas daoine a chur in aghaidh rudaí, arsa sé.

Lena cheart a thabhairt do RTÉ, a dúirt Brian Leddin, ghlac sé leis gur annamh a théann an stáisiún i muinín "na cothroime bréagaí" - is é sin saineolaithe agus lucht tuairimíochta a chur ar chomhchéim.

D'fhiafraigh an Teachta Dála Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta, d'fhiafraigh sí de Tara Peterman ar chuimhnigh aon duine in RTÉ ar fhógraí do bhreoslaí iontaise a chosc.

Dúirt Tara Peterman gur ag obair i rannóga ábhar a bhí sí féin agus na hionadaithe eile ó RTÉ a bhí i láthair ag an éisteacht inniu, agus nach raibh siad bainteach le cúrsaí tráchtála na heagraíochta.

Foilsíodh an t-alt seo a chéaduair ar an 13 Nollaig 2022. Nuashonraíodh é ar an 19 Márta 2023.