Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Gréagach Eva Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith.
625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile.
Tá cúraimí eile a bhí ar Eva Kaili sa pharlaimint roimhe seo bainte di cheana féin.
Tá Eva Kaili ar dhuine de cheathrar a ghabh póilíní sa Bheilg an deireadh seachtaine seo caite agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.
Baineann an scéal le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe - idir airgead agus bhronntanais - le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh.
Tá áiteanna cónaithe roinnt feisirí parlaiminte agus daoine atá bainteach leo cuardaithe ag na póilíní ón Aoine seo caite, agus tá bordaithe ar mhilliún euro in airgead tirim coigistithe acu ó shin.
Ní dúradh, áfach, an raibh áras cónaithe Eva Kaili ina measc.
Tá sí féin agus an triúr eile fós faoi choinneáil agus tá siad le tabhairt os comhair cúirte le haghaidh réamhéisteachta amárach.
Inné, mhaígh uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach. Gheall sí fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú.
Tá sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht.
Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin an mhí seo caite.
Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe.
Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa.
Tá sé tugtha le fios ag Ombudsman an Aontais Eorpaigh Emily O'Reilly go léiríonn na líomhaintí faoi éillitheacht gur mithid córas eitice an Aontais a leasú ó bhonn.
Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí freisin nár chuir an scéal aon iontas uirthi.
Tharraing sí aird ar mholadh a rinne uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula Von der Leyen in 2019 eagraíocht neamhspleách eitice a bhunú san Aontas Eorpach, ach gan a bhurral - nó fíorbheagán - a bheith déanta ina thaobh ó shin, dar le Emily O'Reilly.