Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur sáraíodh príobháideachas an Tánaiste Leo Varadkar nuair a glacadh físeán de i gclub oíche i mBaile Átha Cliath.
Foilsíodh an físeán ar na meáin shóisialta agus cíoradh an scéal i gcuid de na meáin eile ina dhiaidh sin.
Ag labhairt dó ar stáisiún raidió Newstalk, thug Micheál Martin le fios nár chóir drannadh le saol príobháideach aon duine - a shaol féin agus saol Leo Varadkar san áireamh.
Níl sé ceart, a dúirt sé, físeáin a ghlacadh de dhaoine agus iad amuigh le daoine muinteartha agus cairde.
Ag trácht dó go sonrach ar an bhfíseán den Tánaiste sa chub oíche, dúirt an Taoiseach go raibh "an sárú príobháideachais a bhí i gceist mícheart."
Mhaígh sé chomh maith nár chreid sé go raibh an eachtra ag déanamh an oiread scime do pholaiteoirí eile, ainneoin ar tuairiscíodh sna meáin faoi.
Ag preasócáid faoi thorthaí bliantúla na Gníomhaireachta Forbartha Tionscail, dúirt Leo Varadkar é féin nach raibh aon imní air faoina scileanna breithiúnais agus go raibh sé dóchasach go raibh tacaíocht a chomhghleacaithe i bhFine Gael agus i bpáirtithe eile an Rialtais aige i gcónaí.
Níl duine ar bith againn gan locht, ach chomh fada agus a bhaineann sé le ceisteanna tábhachtacha mar an bpaindéim, imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach agus an eacnamaíocht, tá súil aige, arsa sé, go ndearna sé an rud ceart.
Tá Leo Varadkar le ceapadh ina Thaoiseach arís Dé Sathairn seo chugainn, tráth a dhéanfas sé uainíocht ar Mhicheál Martin.