skip to main content

Met Éireann: "ní bhrisfidh an sioc go ceann ceithre lá eile"

Dún Luáin, Co Chill Mhantáin, 11 Nollaig 2022
Dún Luáin, Co Chill Mhantáin, 11 Nollaig 2022

Tá foláireamh tugtha ag Met Éireann do dhaoine tiomáint go fíorchúramach ar maidin agus cuid mhór de bhóithre na tíre faoi reothalach.

Chomh maith leis an sioc, tá drochléargas in áiteanna mar gheall ar cheo trom.

Bhí an teocht chomh híseal le cúig chéim faoi bhun an reophointe in amanna i gcaitheamh na hoíche, agus seacht gcéim faoina bhun, go deimhin, ar feadh scaithimh i mBaile Átha an Rí in oirthear na Gaillimhe.

Deir Met Éireann nach mbrisfidh an sioc agus nach mbeidh aon choscairt ann inniu.

Go deimhin, mairfidh an aimsir chrua go ceann ceithre lá eile ar a laghad, a deir siad.

Beidh sneachta, clocha sneachta agus flichshneachta in áiteanna - cois cósta go háirithe - idir seo agus an Aoine, gan trácht ar an sioc atá ann cheana féin.

Ní mór, a deir na meitéareolaithe, a bheith san airdeall ar dhubhoighear ar chosáin agus ar bhóithre, agus tá baol ann, a deir siad, go bpléascfaidh píobáin uisce agus go ndéanfaidh an fuacht dochar d'innill charranna.

Táthar ag iarraidh ar an bpobal freisin súil a choinneáil ar sheandaoine agus ar dhaoine eile a bhíonn ag brath ar ghar na gcomharsan in aimsir den sórt seo.

Ar an dea-uair, tá greanchloch curtha ar phríomhbhóithre ag na húdaráis áitiúla ach creideann na seirbhísí éigeandála go mbeidh orthu teacht i gcabhair ar neart tiománaithe sula mbiseoidh an aimsir.

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt an tAire Tithíochta Darragh O'Brien go bhfuil leas á bhaint ag an Rialtas as acmhainní uile an Stáit lena chinntiú go bhfanfaidh na scoileanna ar oscailt as seo go saoire na Nollag agus nach gcuirfear as do sheirbhísí iompair phoiblí.

Tiocfaidh an Grúpa Náisiúnta Comhordaithe Éigeandálaí le chéile inniu, agus gach lá an tseachtain seo, lena bhfuil ann de dheacrachtaí de bharr na drochaimsire a phlé agus le teacht roimh chuid acu, más féidir.