Tá fíneáil de €20,000 gearrtha ag Aontas Chumann Sacair na hEorpa (UEFA) ar Chumann Peile na hÉireann (FAI).

Mhaígh UEFA gur sháraigh foireann sacair le Poblacht na hÉireann rialacha i dtaca le dea-iompar i ndiaidh chluiche a imríodh i mí Meán Fómhair.

Bhain sé leis an mbealach a ndearna imreoirí ar fhoireann ban na Poblachta ceiliúradh sa seomra feistis i ndiaidh a gcluiche le hAlbain nuair a chan siad amhrán atá luaite go láidir leis an IRA.

Bhí foireann na mban i ndiaidh cáiliú do Chorn Sacair an Domhain.

Tá a leithscéal gafa ó shin ag bainisteoir na foirne,Vera Pauw agus ag an FAI faoin eachtra.