Tá 25 duine gafa sa Ghearmáin maidir le hiarrachtaí deirtear, an Rialtas thall ansin a threascairt.
Deir ionchúisitheoirí ansin go raibh grúpa a bhfuil ceangal aige le lucht na h-eite atá go mór ar dheis ag pleanáil ceannasaíocht nua a chur i bhfeidhm ar an tír.
Maítear go raibh an grúpa ag beartú an lámh láidir a úsáid chun a mbealach a dhéanamh isteach i bParlaimint na Gearmáine agus forlámhas a fháil ar riaradh na tíre.
Deirtear go raibh grúpa daoine armtha faoi réir le tabhairt faoin bparlaimint.