Tá an t-aisteoir Meiriceánach, Kirstie Alley, tar éis bás a fháil le hailse. Bhí sí 71 bliain d'aois.
I ráiteas a chuir a teaghlach ar na meáin shóisialta, cuireadh síos uirthi mar mháthair iontach, a thugadh aire na huibhe dá clann i gcónaí.
Bhí a teaghlach ina timpeall uirthi nuair a d'imigh sí ar shlí na fírinne, a dúradh sa ráiteas.
Is fearr aithne ar Kirstie Alley as a cuid oibre ar an gclár grinn Cheers, a chraoltaí ar NBC. Rinne sise páirt Rebecca Howe idir 1987 agus 1991. Bronnadh gradaim teilifíse éagsúla as an obair sin.
Sa bhliain 2018, ghlac sí páirt sa chlár Celebritity Big Brother sa Ríocht Aontaithe agus chríochnaigh sí sa dara háit.
Rugadh Kirstie Alley in Wichita, Kansas. Bhí sí sa tsraith scannán Look Who's Talking le John Travolta agus Bruce Willis, chomh maith leis na scannáin Star Trek II: The Wrath of Khan, Champions agus Village of the Damned.
Bhí beirt leanaí aici, William True agus Lillie.