Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an Roinn Oideachais ar an reachtaíocht a bhaineann le hoideachas a sholáthar do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Deir an Roinn gurb é is aidhm don athbhreithniú a chinntiú go bhfuil an tAcht um Oideachas do Dhaoine le Riachtanais Speisialta 2004 fóirsteanach agus feidhmiúil i gcónaí beagnach 20 bliain ó achtaíodh é.
Ag labhairt di ar RTÉ, d'iarr an tAire Stáit Josepha Madigan ar dhaoine a bhfuil guthaíocht acu ar an gceist aighneacht a dhéanamh ar líne.
Dhearbhaigh sí go bhfuil rún ag an Roinn Oideachais fócasghrúpaí a bhunú leis an aiseolas a chíoradh agus lena chinntiú go gcloisfear guth na ndaoine óga a mbaineann an scéal leo.
Mhaígh Josepha Madigan freisin go raibh freastalta mar ba cheart go dtí seo i mbliana ar gach páiste sa Stát a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Ina theannta sin, ar sí, tá beartais curtha i bhfeidhm cheana féin ag an Roinn le freastal ar na riachtanais a bheas ann san am atá le teacht.

Tá aird tarraingthe, áfach, ag príomhfheidhmeannach an charthanais Inclusion Ireland ar cheist teanga.
Dar le Derval McDonagh nár chóir feidhm a bhaint feasta as an bhfocal 'speisialta' sa reachtaíocht.
Creideann sí go ligeann an focal 'speisialta' do na húdaráis cearta oideachais páistí a choinneáil uathu agus ba chóra, ar sí, an focal 'ionchuimsitheacht' a chur ag obair ina áit.
Thug sí le tuiscint go bhfuil faitíos uirthi go bhfuil cúrsaí mar atá droim ar ais, agus dúirt go gcaithfear a chinntiú go bhfuil an córas ag freastal ar an bpáiste seachas an páiste a bheith ag freastal ar an gcóras.
Dúirt Derval McDonagh chomh maith go bhfuil scoileanna níos fearr ná a chéile agus luaigh sí cás duine amháin nach raibh in ann áit a fháil dá leanbh in aon cheann de 30 scoil.
De bharr faillí den sórt seo, caithfidh na mílte páiste turas fada a dhéanamh chun oideachas a fháil, arsa sí.
Mhaígh sí nach mbeadh aon ghlacadh lena leithéid i gcás páiste nach raibh faoi mhíchumas.