skip to main content

Imní sa Chlochán faoina bhfuil i ndán don ospidéal áitiúil

Ospidéal Ceantair an Chlocháin, Co na Gaillimhe
Ospidéal Ceantair an Chlocháin, Co na Gaillimhe

Tá rún ag Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann agus SIPTU iarraidh ar a gcuid ball vótáil ar ghníomhaíocht thionsclaíoch in dhá ionad atá á riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ar an Chlochán in iarthuaisceart Chontae na Gaillimhe.

Níor éirigh le hionadaithe ó na ceardchumainn agus bainisteoirí ón Fheidhmeannacht teacht ar chomhréiteach i gcomhráite a bhí ar siúl acu inné faoi choimirice an Choimisiúin um Chaidreamh san Áit Oibre.

Baineann an t-aighneas tionsclaíoch le cúrsaí uainchlár agus soláthar seirbhísí in Ospidéal Ceantair an Chlocháin agus in Aonad Altranais Pobail Naomh Anna atá suite taobh leis an ospidéal.

Cuireann na ceardchumainn i leith lucht na Feidhmeannachta go bhfuil siad dúnárasach maidir lena bhfuil beartaithe acu don ospidéal.

Druideadh an t-ospidéal ar maidin inné agus tá sé tugtha le fios ag an Fheidhmeannacht go n-osclófar arís é ar maidin Dé Luain seo chugainn.

Díth foirne is cúis leis an ospidéal a bheith á dhruidim ar feadh ceithre lá, a dúradh.

I ráiteas ón Fheidhmeannacht, dúradh go bhfuil sealanna oibre breise curtha isteach ag foireann an ospidéil le gairid le bearnaí cúraim a líonadh sna seirbhísí faoisimh agus téarnaimh agus go gcaithfear na laethanta sin a chúiteamh leis na hoibrithe as seo go ceann roinnt laethanta.

Tá imní sa cheantar, ámh, nach gcomhlíonfar an gealltanas an t-ospidéal a oscailt arís.

Tá Brendan O'Malley as Sraith Salach ina measc siúd a fuair scéal ón Fheidhmeannacht tráthnóna arú inné go gcaithfidís a ndaoine muinteartha a thabhairt amach as an ospidéal ar maidin lá arna mhárach.

Tá máthair Brendan - Barbara, atá 96 bliain d’aois - ag baint leas as seirbhísí faoisimh agus téarnaimh Ospidéal Ceantair an Chlocháin.

Brendan O'Malley, Sraith Salach

Tá Brendan ar dhuine de na daoine chomh maith a chreideann go bhfuil rún ag an Fheidhmeannacht an t-ospidéal a fhágáil druidte.

"An bhfuil siad ag magadh orainn? Tá sé soiléir go bhfuil siad ag iarraidh an t-ospidéal a dhúnadh le fada. Níl siad ag ligean aon othair isteach ann níos mó agus ní bheidh ospidéal ann mura bhfuil othair ann," arsa sé.

Bhí 700 duine i láthair ag cruinniú poiblí sa Chlochán i mí Mheán Fómhair nuair a fógraíodh go mbeifí ag cur deireadh leis an tseirbhís faoisimh agus go mbeadh ar othair taisteal 80 ciliméadar chuig an ionad faoisimh i bPáirc Mhuirlinne i nGaillimh.

Os a choinne sin, dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil nach gcreideann sé go bhfuil bunús ar bith leis an tuairimíocht i leith a bhfuil ar intinn ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dar leis gur ábhar dóchais tús a bheith curtha ag an Fheidhmeannacht le feachtas earcaíochta ar leith atá dírithe ar fhoireann a aimsiú d’Ospidéal an Chlocháin agus creideann sé, a dúirt sé, go mbeidh na seirbhísí ar fáil arís ar maidin Dé Luain.

Tá an comhairleoir contae áitiúil Eileen Mannion ó Fhine Gael, áfach, ag éileamh ar an Fheidhmeannacht an gealltanas go n-osclófar an t-ospidéal arís a dhaingniú.