Áirítear anois 268 duine ar a laghad a bheith maraithe mar gheall ar an gcrith talún a tharla inné i gceantar Cianjur in iarthar Iáva san Indinéis.

Deir na húdaráis san áit go bhfuil 151 duine fós ar iarraidh, gur leonadh 1,000 eile agus go mb'éigean do bhreis agus 58,000 a dtithe a thréigean de bharr na tubaiste.

I gceantar sléibhe a bhí eipealár an chreatha talún a raibh méid 5.6 ann.

Tugadh go leor daoine chuig an ospidéal áitiúil ach de cheal spáis b'éigean cóir leighis a chur ar a bhformhór faoi thóirsí sa charrchlós agus ar an mbóthar féin.

Tá na céadta póilín curtha chun an cheantair le fóirithint ar na fulangaithe agus le cuidiú leis an lucht tarrthála daoine a thabhairt amach as an smionagar, beo nó marbh iad.

Mar bharr ar an donas, nár tharla sciorradh talún mar gheall ar an gcrith - gan trácht ar na hiarchreathanna - agus ní raibh na seirbhísí éigeandála in ann na háiteanna is measa buaileadh a bhaint amach dá dheasca!

Sórt crosbhealaigh idir phlátaí teicteonacha atá sa cheantar sin in Iáva agus tharla go leor creathanna talún ann cheana.