Rinne uachtarán FIFA Gianni Infantino sciolladh ar Eorpaigh atá cáinteach ar Chatar, lá sula gcuirfear tús leis an gCorn Domhanda ansiúd.
Ó roghnaigh FIFA na craobhacha domhanda a lonnú i gCatar, tá an cinneadh sin á cháineadh go forleathan de bharr an chaoi a gcaitear le hoibrithe inimirce agus an easpa cearta don phobal LADTA+, i measc nithe eile.
Ach thug Infantino fogha faoin Eoraip á rá gur cheart d'Epr[aogj leithscéal a ghabháil as a bhfuil déanta le 3,000 bliain sula dtosófaí ar cheachtanna moráltachta a mhúineadh do dhaoine eile.
Cé nach as an gCatar, as an domhain Arabach, as an Afraic é, cé nach bhfuil sé aerach ná faoi éagumas ná ina oibrí inimirce, a dúirt sé, tá tuiscint aige ar an mbulaíocht agus ar an leithcheal ar imircigh.
Deir Infantino go dtagann an tuiscint seo ón gcaoi ar caitheadh leis san Iodáil mar pháiste a raibh gruaig rua agus bricíní air.
Is é an bealach le tabhairt faoi fhadhanna a réiteach, a dúirt sé, dul i dteagmháil le daoine agus cairdeas a dhéanamh, in áit bheith ag cur rudaí ina leith agus á maslú.
Tá éileamh déanta ar FIFA ag Amnesty International agus ag grúpaí eile ciste $450m a bhunú d'oibrithe inimirce agus a gclann a d'fhulaing i rith na deich mbliana ó bronnadh an comórtas ar Chatar.
Ghéill Catar don bhrú idirnáisiúnta cúinsí fostaíochta na gcéadta míle oibrí inimirce agus chuir leasuithe ar bun dá bharr, agus chuir ciste ar bun d'oibrithe nár íocadh pá leo tar éis dóibh a bpostanna a chailliúint.
De bhunadh Chatair féin é 11% de dhaonra na tíre, agus as tíortha eile an domhain an 89% eile.
Tosóídh an comórtas amárach.