skip to main content

Cosc ar alcól a dhíol ag cluichí an Choirn Dhomhanda

Níl ach dhá lá fágtha roimh thús an chomórtais i gCatar agus tá cosc curtha ar alcól a dhíol ag na staideanna
Níl ach dhá lá fágtha roimh thús an chomórtais i gCatar agus tá cosc curtha ar alcól a dhíol ag na staideanna

Tá cosc curtha ar alcól a dhíol ag na staideanna i gCatar a n-imreofar cluichí an Choirn Dhomhanda iontu. Glacadh an cinneadh gan ach dhá lá fágtha roimh thús an chomórtais.

B'é Budweiser an t-aon deoch mheisciúil a bhí le bheith ar fáil, ó tharla go ndéanann an comhlacht sin urraíocht ar an gComhaontas Idirnáisiúnta Sacair, FIFA. Ach i bhfianaise an chinnidh seo, ní bheidh cead ag aon duine, seachas aíonna corporáideacha, deochanna meisciúla a ól laistigh de theorainneacha na staideanna.

D'eisigh FIFA ráiteas inar dheimhnigh siad go raibh an cinneadh seo glactha i ndiaidh cainteanna leis na húdaráis i gCatar.

Tuigtear go raibh imní ar na húdaráis i gCatar go gcuirfeadh sé as do dhaoine nach bhfuil deochanna meisciúla mar chuid dá gcultúr dá mbeadh fáil ar alcól; ní hamháin muintir Chatair, ach daoine ó thíortha eile sa Mheánoirthear agus san Áis freisin.

Tuairiscítear go n-íocanna Budweiser €72.3m le FIFA gach ceithre bliana le bheith mar cheann amháin de na príomhurraitheoirí ar an gCorn Domhanda..

Beidh cead ag lucht leanúna na bhfoirne deochanna meisciúla a ól i limistéar speisialta a bheas curtha ar bun dóibh, ach tá ceisteanna tarraingthe faoin méid smachta atá ag FIFA ar an gcomórtas.

Tuairiscítear go n-íocann Budweiser €72.3m le FIFA gach ceithre bliana le bheith mar cheann amháin de na príomhurraitheoirí ar an gCorn Domhanda. Beidh le feiceáil cén tionchar a bheas ag cinneadh na n-údarás i gCatar ar an margadh urraíochta sin.