Dúirt Anthony Molloy, iarchaiftín peile Dhún na nGall a bhuaigh Corn Mhic Uidhir i 1992, gur cosúil le teach faire an contae inniu i ndiaidh d'iarchaiftín eile, Michael Murphy, a dheimhniú go bhfuil sé ag éirí as an pheil idirchontae.
33 bliain d'aois atá Murchach Ghleann tSúilí, ceann foirne na gConallach nuair a bhuaigh siad Corn Mhic Uidhir in 2012 den chéad uair le fiche bliain roimhe sin.
Bhí áthas air Corn Uladh a ghlacadh trí huaire fosta!
Bhí sé ina Réalt uile-Éireann trí huaire chomh maith.
In 2007 a d’imir Michael Murphy d'fhoireann na sinsear den chéad uair. In 2009, ba é Peileadóir Óg na Bliana é.
In 2011, cheap bainisteoir na foirne Jim McGuinness ina chaiftín é agus níorbh fhada ina dhiaidh sin a tháinig athbheochan ar an pheil idirchontae i nDún na nGall.
I ráiteas a d'eisigh Michael Murphy, ghabh sé buíochas lena chomhimreoirí agus a chuid bainisteoirí uilig, chomh maith lena chlub féin agus an lucht leanúna.
"Pribhléid agus onóir a bhí ann an spórt ab ansa liom a imirt ar feadh scór bliain," a dúirt sé, "ach tá mo lá tagtha."
"Níl an cumas ná an fuinneamh a theastaíonn, níl siad ionam níos mó," ar sé.
Mar sin féin, b'fhéidir nach é an focal scoir an focal deiridh.
"Cá bhfios," a dúirt an Murchach, "go bhfaighinn dóigh éigin amach anseo le tuilleadh a dhéanamh ar son mo chontae dúchais?"