Dúirt léachtóir sinsearach le síceolaíocht go bhfuil daoine atá ina gcónaí i dtithe le brící lochtacha fágtha an-suaite de bharr a bhfuil fulaingthe acu.
Dar leis an Dr Karen Kirby ó Ollscoil Uladh go bhfuil sé cosúil le bheith "ag teitheadh ó chrith talún atá ag gluaiseacht go mall."
Ag labhairt a bhí sí ag comhdháil idirnáisiúnta i Leitir Ceanainn faoi bhrící lochtacha.
Dúirt an Dr Kirby go bhfuil dálaí maireachtála mar seo ag déanamh damáiste leanúnach do shláinte choirp agus intinne na ndaoine a chaithfidh cónaí sna tithe seo.
Thug sí le fios go n-iompaíonn imní leanúnach ina strus ainsealach, go háirithe má chaithfidh daoine a dtithe a fhágáil, mó má mhothaíonn siad nach féidir leo réiteach ar bith a fháil ar an fhadhb, nó nach bhfuil tacaíocht acu ó na húdaráis.
Dúirt sí chomh maith go mbíonn tionchar iontach díobhálach ag strus tuismitheoirí ar fhorás páistí.
Inniu, tugadh toscairí ón chomhdháil ar camchuairt chuig roinnt tithe atá buailte ag an fhadhb.
Chonaic na heolaithe an drochbhail atá ar theach Sharon Moss, mar shampla, teach a bhfuil sí féin, a fear céile agus a mbeirt mhac ina gcónaí ann ainneoin gur cuireadh comhairle orthu bogadh amach as ar chúiseanna sláinte.
Dúirt Grúpa Gnímh Míoca Dhún na nGall i ráiteas inniu go bhfuil an ghéarchéim míoca chomh holc is a bhí riamh - bliain go leith i ndiaidh a gcuid agóidí i mBaile Átha Cliath - de bhrí, a deir siad, nach bhfuil iomrá ar bith go fóill le scéim leasaithe.