skip to main content

Teanntás Trump: "beidh mé i m'iarrthóir arís in 2024"

Donald Trump i mbálseomra Mar-a-Lago, 15 Samhain 2022
Donald Trump i mbálseomra Mar-a-Lago, 15 Samhain 2022

Tá sé fógartha ag iar-Uachtarán na Stát Aonaithe Donald Trump go bhfuil rún aige a bheith ina iarrthóir arís sa chéad toghchán uachtaránachta eile in 2024.

Rinne sé an fógra aréir i mbálseomra a thí i Mar-a-Lago i bhFlorida, mar a raibh na céadta dá lucht tacaíochta bailithe don ócáid.

Tuigtear gur sheol Donald Trump na cáipéisí oifigiúla cuí chuig údarás toghchánaíochta na Stát Aonaithe cúpla nóiméad sular labhair sé leis an slua.

Ní minic a dhéantar fógra oifigúil mar é chomh luath seo roimh thoghchán uachtaránachta ach is cosúil go bhfuil cúis ar leith le teanntás Trump.

Meastar gur ag tabhairt fógra atá sé do dhaoine eile sa Pháirtí Poblachtach a mbeadh fonn orthu a n-ainmneacha a chur chun cinn gan teacht trasna air.

D'fhéadfadh sé chomh maith, a deirtear, go bhfuil sé i gceist aige leas a bhaint as a iarrthóireacht mar sciath chosanta in aghaidh na líomhaintí coiriúlachta atá curtha ina leith.

Níl aon iallach ar na Poblachtaigh, áfach, glacadh le Trump mar iarrthóir an pháirtí in 2024.

Tá gobharnóir Fhlorida Ron DeSantis - nach aon dóithín é - agus gobhanóir Virginia Glenn Youngkin, cuir i gcás, á lua mar iarrthóirí freisin.

Thug iníon is sine Trump le fios nach mbeadh sí páirteach i bhfeachtas toghchánaíochta a athar an uair seo. Dúirt Ivanka Trump go mbeadh sí ag díriú feasta ar chúraimí teaghlaigh agus eile.

Ag trácht dó ar fhógra a namhad, chuir an tUachtarán Joe Biden i leith Donald Trump gur loic sé ar mhuintir Mheiriceá an uair dheireanach a bhí sé sa Teach Bán.