Tá sé deimhnithe ag an Rialtas go gcuirfear cosc ar fhógraí cearrbhachais idir 5.30 ar maidin agus 9 a chlog tráthnóna faoi fhorálacha bille nua maidir leis an tionscal cearrbhachais a rialáil.
Bunófar freisin Údarás Rialála Cearrbhachais a chuirfeas i bhfeidhm rialacha nua fógraíochta agus urraíochta sna meáin.
Deánfaidh an tÚdarás athbhreithniú chomh maith ar na dlíthe ceadúnaithe a bhaineann leis an tionscal cearrbhachais.
Is í an státseirbhíseach sinsearach Anne Marie Caulfield príomhfheidhmeannach ainmnithe an Údaráis atá le bunú go hoifigiúil an bhliain seo chugainn.
D'fhógair an tAire Stáit sa Roinn Dlí agus Cirt James Browne go gcuirfear cosc ar fhógraí atá dírithe ar pháistí agus ar dhaoine a bhfuil andúil acu sa chearrbhachas.
Ina theannta sin, ní bheidh cead geallta a chur le cártaí creidmheasa ná uathmheaisíní bainc a lonnú in áiteanna áirithe. Coiscfear promóisin speisialta chomh maith.
De réir an bhille nua, d'fhéadfaí téarma príosúin suas le hocht mbliana a ghearradh ar gheallghlacadóirí nach bhfuil ceadúnas acu.
Bunófar leis Ciste Tionchair Shóisialta le taighde a dhéanamh ar fhadhb an chearrbhachais agus le tacú le handúiligh.
Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur "cosaint ar fhadhb uafásach an chearrbhachais" a bheas sna dlíthe nua, ar fadhb é, ar sé, a dhéanann an-dochar do dhaoine agus dá dteaghlaigh.
Dúirt príomhfheidhmeannach an charthanais Problem Gambling Ireland Barry Grant go bhfuil an bille nua "thar a bheith suntasach."
Aitheantas atá ann, arsa sé, gur cheart breathnú ar an gcearrbhachas mar a bhreathnaítear ar alcól agus tobac.
Tá fáilte curtha ag Cumann Geallghlacaóirí na hÉireann roimh an reachtaíocht nua chomh maith.
Tá thart ar 780 siopa geallghlacadóireachta sa Stát agus labhraíonn an cumann sin thar ceann 750 acu.