Tuairiscítear ar nuachtán an New York Times go bhfuil sé beartaithe ag an ollchomhlacht ríomhthráchtála Amazon thart ar 10,000 duine a ligean chun siúil ó rannóga corparáideacha agus teicneolaíochta an chomhlachta gan mhoill.
De réir na tuairisce, a bhfuil roinnt foinsí tugtha mar údaráis ann, tosóidh Amazon ar dhaoine a ligean chun siúil ón tseachtain seo.
Is sna rannóga gléasanna, miondíola agus acmhainní daonna is mó a leagfar daoine as obair, más fíor.
Tá ráiteas iarrtha ar an gcomhlacht ag an áisíneacht nuachta Reuters ach níl aon fhreagra tugtha fós.
De réir na bhfigiúirí is deireanaí a cuireadh ar fáil, tá 1.6 milliún duine fostaithe go lánaimseartha agus go páirtaimseartha ag Amazon ar fud an domhain ach thug an comhlacht le fios le gairid go rabhthas le bac a chur ar earcaíocht go ceann roinnt míonna.
Tá luach scaireanna in Amazon tite 40% ó thús na bliana seo i bhfianaise an laghad airgid atá le spáráil ag tomhaltóirí ar na saolta seo.
Tá thart ar 5,000 duine fostaithe ag Amazon in Éirinn ach níl sé soiléir an mbeidh aon duine acu thíos leis de bharr na gciorruithe atá ar na bacáin, má tá.
An tseachtain seo caite, fógraíodh go raibh an t-ollchomhlacht teicneolaíochta Meta le 11,000 fostaí ar fud an domhain a ligean chun siúil, 350 acu sa tír seo.