skip to main content

An feachtasóir ailse ceirbheacs Vicky Phelan tar éis bháis

Vicky Phelan
Vicky Phelan

Tá an feachtasóir ailse ceirbheacs Vicky Phelan tar éis bháis.

Bhásaigh sí go moch ar maidin in Ospís Áth an Mhuilinn i Luimneach.

In 2014, diagnóisíodh go raibh ailse ceirbheacs uirthi agus in 2018 rinne sí socrú €2.5 milliún sa chás Ard-Chúirte a thug sí in aghaidh saotharlainne sna Stáit Aontaithe.

Níor ghlac an tsaotharlann le dilteanas sa chás.

Bhí tástáil smearaidh déanta ar Vicky Phelan in 2011 ach níor aimsíodh aon mhínormáltacht dá barr.

Fuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh toradh na tástála sin mícheart.

Bunaíodh Fiosrúchán Scally mar gheall ar an dua a chaith sí agus an misneach a léirigh sí ag tarraingt aird ar a scéal féin agus ar scéalta ban eile.

Foilsíodh tuarascáil Fhiosrúchán Scally in 2018 ar ghabh an Stát léithscéal leis na mná dá barr.

Bunaíodh grúpa tacaíochta 221+ mar gheall ar an tuarascáil chomh maith.

Vicky Phelan taobh amuigh den Ard-Chúirt in 2018

Scríobh sí dírbheathaisnéis in 2019 a moladh go hard agus a bhain gradam náisiúnta.

Léiríodh scannán faisnéise le gairid faoina saol dar teideal Vicky.

Rugadh Vicky Phelan i bPort Láirge in 1974 agus bhí sí ina cónaí i Luimneach ó thosaigh sí ag obair san earnáil oideachais.

Maireann a fear céile agus a mbeirt pháistí.

Liosta le háireamh na daoine - polaiteoirí agus ceannairí pobail ina measc - a bhfuil ómós tugtha acu do Vicky Phelan ó fógraíodh a bás ar maidin.

Dúirt Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins gur chuir Vicky Phelan agus a dúthracht feachtasaíochta go mór le sochaí na hÉireann le linn a marthana.

Aon duine a raibh sé de phribhléid aige bualadh léi, arsa an tUachtarán, ní fhéadfadh misneach agus dínit Vicky Phelan gan dul i gcion ar an duine sin.