Móramh de shuíochán amháin at a i gceist i ndiaidh don seanadóir Catherine Cortez Masto a suíochán a choimeád i stát Nevada.
D'éirigh léi ar éigin ina toghchán i gcoinne Adam Laxalt ón bpáirtí Poblachtánach, a raibh tacaíocht aige ón iar-Uachtarán Trump.
Tá 50 suíochán ag na Daonlathaigh , agus 49 ag na Poblachtánaigh i Seanad Mheiriceá.
Sin an toradh i ndiaidh cheann de na toghcháin lár-téarma thall ansin.
Maidir leis an togchán eile, iarrthóirí do Theach na nIonadaithe, deirtear go bhféadfadh an lá a bheith leis na poblachtánaigh go fóill.
Tá na votaí fós á gcomhaireamh do thoghcheantair éagsúla thall ansin.