Cuirfear tús tráthnóna le Féile Scannán Idirnáisiúnta Dhrioglann an Daingin i gCo Chiarraí.

Beidh deis ag daoine breis agus 80 fadscannán agus gearrscannán a fheiscint i gcaitheamh na féile a mhairfidh go dtí an nDomhnach.

I measc na scannán, tá 30 léiriúchán Éireannach ach tá an chuid eile ag teacht ó cheithre hairde an domhain, ó thíortha cosúil leis an Rúis, an Afganastáin, an Laitvia agus an tSualainn.

Tá spéis faoi leith á cur in Klondike a deineadh san Úcráin. Tá an scannán dírithe ar an gcoimhlint i réigiún an Donbass sa bhliain 2014.

Bhain an scannán gradam ag Féile Sundance i mbliana agus tá súil go bhfreastalóidh cuid de phobal na hÚcráine a bhfuil dídean fachta acu sa Daingean ar an ócáid.

Beidh rogha mhaith fadscannán agus gearrscannán as Gaolainn ar taispeáint chomh maith.

Tráthnóna inniu, beidh an fadscannán Tarrac le feiscint in Ionad an Bhlascaoid - scannán a taifeadadh i gCorca Dhuibhne anuraidh.

Tá béim á cur ag an bhféile ar chúrsaí oideachais agus beidh deis ag daoine freastal ar chainteanna agus ar cheardlanna a dhíreoidh ar ghnéithe éagsula den tionscal, cosúil le heagarthóireacht, stiúrthóireacht, scannánaíocht agus aisteoireacht.

I measc na n-aoichainteoirí a bheidh ag roinnt a gcuid saineolais, tá an stiúrthóir aitheanta ó Mheiriceá John Sayles.

Ós rud é go bhfuil pictiúrlann an Phoenix dúnta anois, beidh na scannáin á dtaispeáint in ionaid éagsúla, mar atá, An Díseart, Óstán na Sceilge agus Amharclann an Beehive sa Daingean, agus in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin.

Bronnfar gradam luach €5,000, urraithe ag Drioglann an Daingin, ar an ngearrscannán is fearr, dar leis na moltóirí.