Deir feirmeoirí prátaí go bhfuil os cionn 30% de bharra na bliana seo ar tí a bheith caillte mar gheall ar an drochaimsir le mí anuas.

Bhí barra na bliana seo á mbaint an mhí seo caite nuair a bhris an aimsir agus ní raibh morán de na feirmeoirí in ann an t-innealra a chur sna goirt ó shin.

De ghnách, bheadh an chuid is mó de phrátaí na bliana bainte roimh dheireadh Dheireadh Fómhair.

I ndeisceart na Gaillimhe atá Barry Stephens i mbun prátaí a fhás. Bíonn suas le 30 acra curtha aige gach aon bhliain ach tá os cionn deich n-acra fós gan bhaint.

Barry Stephens

"Tá an talamh anseo báite agus is beag seans go dtriomóidh sé anois. Má leanann an aimsir fhliuch nó má bhuaileann sioc na prátaí anois, lobhfaidh siad sa talamh" a dúirt sé.

Dúirt Ferdia McCrann, Oifigeach Meitéareolaíochta le Met Éireann, gur thit báisteach an-trom trasna na tíre ar fad le coicís anuas.

"Tá dhá nó trí oiread den mheán séasúrach báistí tite agus tá na coinníollacha páirce an-deacair dá bharr," a dúirt sé.

Dúirt Barry Stephens gur beag dóchas atá aige go mbeidh sé in ann a bhfuil fágtha dá phrátaí a bhaint anois.

Dúirt sé go bhféadfadh ganntan prátaí a bheith ann agus praghasanna a bheith níos airde dá dheasca.