Tá deireadh le hiarrachtaí an tseoltóra as Ciarraí Pat Lawless i rás an Golden Globe.

Bhí sé mar sprioc ag an siúinéir ó Bhaile an Fheirtéaraigh go mbeadh sé ar an gcéad Éireannach an rás 33,000 muirmhíle mórthimpeall an domhain a chríochnú.

Bhí Pat Lawless ag déanamh ar Cape Town san Afraic Theas agus a bhád i measc na gceithre bhád a bhí ag ceann an ráis nuair a theip ar a ghléas féinstiúrach cúig lá ó shin.

Cé go ndein sé iarrachtaí an gléas a shocrú, níor éirigh leis. Trealamh riachtanach atá sa ghléas féinstiúrach a thugann deis don seoltóir an stiúir a fhágaint chun cúraimí eile agus codladh a dhéanamh.

Fé rialacha an ráis, níl sé ceadaithe d'iomaitheoirí glacadh le cabhair d’aon tsaghas, rud a fhágann nach raibh an tarna rogha ag Lawless ach éirí as.

Bhí Pat Lawless agus a bhád Green Rebel i measc 17 iomaitheoir a d'ardaigh seol sa Fhrainc breis agus dhá mhí ó shin.

Pat Lawless ar bord an Green Rebel (Pic: Kieran Ryan-Benson)

Aréir, sheol Lawless isteach go Cape Town agus cheangail a bhád le cé. Dúirt sé go raibh ana-dhíomá go deo air mar go raibh sé ag baint oiread taitnimh as an rás ach go mbeadh sé ró-dhainséarach fanacht sa rás gan an trealamh riachtanach.

Fad 30,000 muirmhíle mórthimpeall an domhain i d'aonar atá i rás an Golden Globe. Áirítear é ar cheann dos na ráiseanna is uaigní, is déine agus is dainséaraí ar domhan. Níl sé ceadaithe d’iomaitheoirí stopadh i gcaitheamh an ráis.

Trí bhád déag atá fágtha sa rás anois. Is é an Sasanach Simon Curwen atá chun tosaigh fé láthair agus seoltóirí ón bhFionlainn agus ón Afraic Theas ina dheabhaidh aniar.