skip to main content

Meta le 390 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil

3,000 duine dírfhostaithe ag Meta in Éirinn
3,000 duine dírfhostaithe ag Meta in Éirinn

Is baolach go bhfuil an t-ollchomhlacht teicneolaíochta Meta le 390 fostaí sa tír seo a ligean chun siúil.

Is i mBaile Átha Cliath atá ceanncheathrú idirnáisiúnta an chomhlachta arb é an meán sóisialta Facebook a bpríomhghnó.

D'fhógair an comhlacht ar maidin inniu go bhfuil siad le 13% den 87,000 duine atá fostaithe acu ar fud an domhain a ligean chun siúil. Sin 11,000 fostaí san iomlán i dtíortha éagsúla.

Cuirfear an ciorrú 13% sin i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta freisin agus fágann sin gur 390 de na 3,000 duine atá fostaithe ag Meta in Éirinn a leagfar as obair, de réir dealraimh.

Tá na 3,000 duine sin dírfhostaithe ag Meta agus cuireann 6,000 duine eile in Éirinn seirbhísí tacaíochta ar fáil ar conradh don chomhlacht.

Níl sé an-soiléir cad atá i ndán do na conraitheoirí sin, cé go bhfuil sé ráite ag Meta - chomh fada agus a bhaineann sé leosan - nach rachaidh an scéal i gcion ar aon duine acu.

Thug urlabhraí ó Meta le fios gur de réir threoirlínte Rialtas na hÉireann a chuirfear an próiseas iomarcaíochta sa siúl agus go rachfar i gcomhairle leis na hoibrithe.

Dúirt an t-urlabhraí chomh maith go bhfuil an scéal curtha in iúl ag an gcomhlacht do Roinn an Taoisigh agus don Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, chomh maith leis an nGníomhaireacht Forbartha Tionscail.

Dhearbhaigh an Tánaiste Leo Varadkar go raibh gealltanas faighte ag an Rialtas ó Meta go gcloífeadh an comhlacht le dlí na tíre seo i dtaca le cúrsaí iomarcaíochta de.

Baineann an scéal leis an rófhás a deirtear a tháinig le roinnt blianta ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta. Táthar den bharúil anois nach raibh sé riamh inmharthana.