skip to main content

Toghcháin Mheiriceá: an chreach le roinnt, is cosúil

Vótaí á bpróiseáil sa lárionad comhairimh in Philadelphia, Pennsylvania
Vótaí á bpróiseáil sa lárionad comhairimh in Philadelphia, Pennsylvania

Ní léir fós cé acu na Daonlathaithe nó na Poblachtaigh a bheas i gceannas ar Chomhdháil Stáit Aontaithe Mheiriceá - idir an Seanad agus Theach na nIonadaithe - tar éis na dtoghchán lár téarma thall.

Is maith an tuar do na Daonlathaithe é, mar sin féin, an bua a rug iarrthóir an pháirtí sin John Fetterman ar an bPoblachtach an Dr Mehmet Oz i dtoghchán an tSeanaid i stát Pennsylvania.

Ní scaoth breac ach tá na Daonlathaithe den bharúil i bhfianaise an toraidh sin go gcruthóidh siad níos fearr i dtoghchán an tSeanaid ná mar a bhíothas ag súil leis.

Is iad Arizona, Georgia agus Nevada na stáit is mó a bhfuiltear ag tabhairt aird orthu anois. Cibé dream a bhéarfas an báire leo sna háiteanna sin, gach seans gurb iad a bhéarfas an chraobh náisiúnta leo freisin, a deirtear.

Meathgháire nó cár gáire ar an Uachtarán Joe Biden? Idir eatarthu, seans ... (Pic: Twitter)

Mar le toghchán Theach na nIonadaithe de, creidtear fós gurb iad na Poblachtaigh a bheas caithréimeach.

Tá sé á thuar go mbainfidh na Poblachtaigh sé shuíochán de na Daonlathaithe sa tionól íochtarach. Níl uathu ach cúig cinn le smacht a fháil ar an teach agus clár reachtaíochta an Uachtaráin Joe Biden a shárú.

Os a choinne sin, níl ann ach réamhaisnéis nach mór a cogaint tar éis a slogtha agus tuairiscítear go bhfuil iarrthóirí an dá pháirtí ag crinneadh a chéile i gcónaí in dhá scór toghcheantar.

Ba iad an ráta ard boilscithe agus an ginmhilleadh na ceisteanna ba mhó a bhí ag déanamh scime do vótóirí roimh na toghcháin, de réir na bpobalbhreitheanna.

Creidtear gur vótáil sciar suntasach de lucht tacaíochta na bPoblachtach ar son iarrthóirí Daonathacha de bharr a míshásaimh le dearcadh an Pháirtí Phoblachtaigh ar an nginmhilleadh, agus go háirithe le rialú na Cúirte Uachtaraí cúig mhí ó shin an ceart a bhíodh ann ginmhilleadh a fháil a chur ar neamhní.