Tá sé geallta ag an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaidh Éire gach ar féidir léi lena chinntiú go mbeidh an Domhan inmharthana.
Thug an Taoiseach an gealltanas seo san aitheasc a thug sé ag an gcruinniú mullaigh idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide atá ar siúl in Sharm el-Sheikh san Éigipt.
Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide atá páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP27.
Gheall Micheál Martin freisin ina aitheasc go gcuirfeadh Rialtas na hÉireann €10 milliún sa chiste idirnáisiúnta atá bunaithe le teacht i gcabhair ar phobail leochaileacha ar fud an domhain a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion go mór orthu.
Dúirt sé go bhfuil an t-athrú aeráide ag géarú daoine chun a chéile agus go bhfuil pobail in iomaíocht a chéile d'acmhainní atá gann. Tá sé ag cur le héagobhsaíocht agus le hainnise daoine ar fud na cruinne, ar sé.
Mura rachaidh na ceannairí atá ann anois i ndréim leis an ngéarchéim, a dúirt an Taoiseach, ní mhaithfidh an ghlúin atá ag éirí aníos ná na glúine atá le teacht, ní mhaithfidh siad dóibh é go brách.
Thug sé le fios gur den riachtanas é tuilleadh a dhéanamh gan spás i riocht nach mbeidh daoine bodhraithe ag caint nach bhfuil ann ach caint agus nach mbeidh siad leamh de bhriathra gan bheart.
Os a choinne sin, tharraing an Taoiseach aird ar ghné bhreacdhearfach de réamhaisnéis na Náisiún Aonaithe maidir leis an athrú aeráide.
De réir na réamhaisnéise sin, beidh astaíochtaí gáis ag méadú i gcónaí as seo go 2030 ach fanfaidh siad socair ina dhiaidh sin.
Seo dul chun cinn, arsa Micheál Martin, cé nach leor é.
I dtaca le hÉirinn de, chuir sé in iúl don lucht éisteachta go bhfuil dualgas dlíthiúil ar an tír seo astaíochtaí gáis a laghdú 51% faoi 2030, agus dúirt go bhfuil teorainneacha astaíochtaí a bhfuil feidhm dlí leo leagtha síos do gach earnáil den gheilleagar náisiúnta.