skip to main content

Postanna á gcailleadh i Meta

Postanna á gcailleadh i Meta
Postanna á gcailleadh i Meta

Deirtear go bhfuil sé i gceist ag Meta,máthairchomhlacht Facebook líon suntasach fostaithe a scaoileadh chun siúil an tseachtain seo.

83,500 duine atá fostaithe ag Meta ar fud an domhain.

Tá 3,000 díobh sin ag obair go díreach don chomhlacht anseo in Éirinn agus tá breis is 6,000 duine eile a oibríonn le comhlachtaí eile a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil dó.

Tá os cionn leath-thrilliún dollar caillte ag Meta go dtí seo i mbliana agus thart ar $67billiún caillte ag luach an chomhlachta ar an stocmhalartán.

Ceaptar go bhfógróidh Meta arú amárach cén líon duine go baileach a chaillfidh a gcuid postanna.