skip to main content

Taoiseach ag an gComhdháil Aeráide san Éigipt

Mairfidh an chomhdháil seo coicís
Mairfidh an chomhdháil seo coicís

Dúirt an Taoiseach go bhfuil dualgas ar cheannairí domhanda na cláir ar fad atá leagtha amach ar mhaithe le cosaint na cruinne,a chur i bhfeidhm.

Bhí Micheál Martin ag labhairt ag an gComhdháil Aeráide san Éigipt.

Dúirt sé go raibh an t-am anois ag éirí gann i dtaca le bheith ag gníomhú ar cheist an athraithe aeráide agus go gcaithfí dlús a chur leis an geallúintí ar fad atá déanta le dul i ngleic leis an ngéarchéim.

2 lá a bheidh ag an Taoiseach i Sharm el-Sheikh agus é ag freastal ar ócáid idirnáisiúnta an COP27 atá ar bun ansin ó inné faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.

Tuigtear go dtabharfaidh sé le fios céard iad spriocanna na hÉireann maidir le breis airgid a chur ar fáil don chiste idirnáisiúnta aeráide.

An Taoiseach ag COP27

'Is ifreanda an todhchaí atá ann d'aeráid na cruinne' a dúirt Ard Rúnaí na Náisiún Aontaithe, Antonio Guterres, ag COP27 'agus is go mear atáimíd ag dul ina threo sin'.

Rinne Uachtarán na Fraince,Emmanuel Macron,éileamh ar an tSín agus ar na Stáit Aontaithe a gcion féin a íoc ionas go mbeidh na tíortha bochta in ann déileáil leis an athrú aeráide.

Tá sé molta do thíortha rachmasacha an domhain gearradh siar suntasach a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí carbóin má táthar le teocht na cruinne a choinneáil 1.5 céim os cionn an leibhéil a bhí ann ag deireadh na naoú haoise déag.

Ba inné a cuireadh tús le COP27 agus mairfidh an chomhdháil seo ar feadh coicíse.

Téamh na cruinne ina cheist mhór

Dúirt an tAire Stáit i Roinn na Talmhaíochta,Martin Heyden go bhfuil an chomhdháil seo thar a bheith tábhachtach sa mhéid is go dtugann sé ceannairí domhanda le chéile ar aon láthair amháin le smaointe a roinnt lena chéile.

Dúirt sé freisin go dtuigeann sé na dúshláin atá roimh fheirmeoirí anseo na spriocanna aeráide a bhaint amach ach gur 'fiú an tairbhe an trioblóid'.