skip to main content

Gan glacadh ag TG4 go mbeadh teorainn leis an luach a bhainfeadh le cainéal nua do leanaí a bhunú

Ní aontaíonn TG4 gur luach teoranta a bhainfidh leis an gcainéal nua do leanaí Cúla4
Ní aontaíonn TG4 gur luach teoranta a bhainfidh leis an gcainéal nua do leanaí Cúla4

Ní ghlacann Ard Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont le taighde atá déanta ag comhlacht neamhspleách thar ceann an Údaráis Craolacháin a deir go mbeadh teorainn leis an luach a bhainfeadh le cainéal nua do leanaí a bhunú.

De réir an Nuachtáin ar líne Tuairisc.ie deir na comhairleoirí a thug faoin anailís gur chóir don Rialtas a bheith "aireach" fén luach don bpobal a bhainfeadh leis an gcainéal nua toisc go mbeadh an lucht féachana don gcainéal chomh beag.

Cúig seachtainí ó shin fógraíodh go raibh cead faighte ag TG4 ón Roinn Cultúir agus Gaeltachta, cainéal nua, Cúla4 a sheoladh an bhliain seo chugainn.

Thug an tAire Catherine Martin le fios go mbeadh siamsa, oideachas agus scéalta nuachta á gcraoladh ar an stáisiún nua le súil freastal ar an lucht féachana óg a chinntidh todhchaí na Gaeilge, ina teanga phobail.

Meastar gur 3.3 milliún an costas a bheidh air, airgead a thiocfaidh ón 7m breise a thug an Rialtas do TG4 sa Bhuiséad agus deir an stáisiún go gcruthófar 150 post sa mbreis dá bharr.

Ach más fíor an taighde atá déanta ag an gcomhlacht Communications Chambers, ní bheidh ach thart ar 1,000 duine ar an meán ag breathnú ar Cúla4 agus is daoine fásta a deir siad, a bheidh i 90% acu.

Fágann sin nach mbeidh ach 100 gasúr ar an meán ag breathnú ar an gcainéal nua.

Tá Communications Chambers tar éis deimhniú go mbeadh fiúntas sa chainéal nua, ach tá fainic curtha acu ar an Rialtas, a bheith "aireach" faoina luach, ó tharla go mbeidh an líon féachana a deir siad, chomh beag.