skip to main content

Iar-Phríomhaire na Pacastáine, Imran Khan lámhachta agus gortaithe sa chos i gcathair Wazirabad

Iar-Phríomhaire na Pacastáine, Imran Khan lámhachta agus gortaithe
Iar-Phríomhaire na Pacastáine, Imran Khan lámhachta agus gortaithe

Lámhachadh Iar-Phríomhaire na Pacastáine, Imran Khan sa chos i gcathair Wazirabad in oirthear na tíre ar maidin.

Bhí sé ag tabhairt óráide ag slógadh polaitíochta ag an am, nuair a scaoil gunnadóir urchar leis.

Creidtear gur iarracht feallmharaithe a bhí ann.

Bhí Imran Khan, iar-chaptaen cruicéid atá 70 bliain d'aois chun tosaigh ag an slógadh polaitíochta a bhí ag éileamh go reachtáilfí toghchán tobann.

Tuairiscítear gur gortaíodh ceathrar eile ach níor maraíodh éinne.