Tá sé ráite ag an Chóiré-Theas go bhfuil diúracán balaistíoch idir ilchríocha scaoilte ag an Chóiré-Thuaidh arís eile i ndiaidh roinnt mhaith diúracán a bheith scaoilte inné.
Tá sé aontaithe ag an Chóiré-Theas agus a comhghuaillí, na Stáit Aontaithe, cur le druileanna míleata mar gheall ar an méid atá ar bun ag an gCóiré-Thuaidh.
In ainneoin foláirimh a tháinig ón Rialtas go raibh diúracáin scaoilte os cionn na Seapáine, dúirt Toiceó níos déanaí go raibh sé sin mícheart.
Deir oifigigh sa Choiré-Theas agus sa tSeapáin gur seans gur ICBM a bhí sa diúracán, airm fadraoin na Coiré-Thuaidh. Dearadh na hairm seo chun soc pléascáin núicléach a iompar go dtí an taobh eile den domhan.
Creideann oifigigh sa Chóiré-Theas gur theip ar an ICBM le linn eitilte.
Dhiúltaigh urlabhraithe ar son Aireachtaí Cosanta na Cóiré-Theas agus na Seapáine a dheimhniú an raibh teipithe ar an diúracán.
Dúradh le daoine i dtuaisceart na Seapáine foscadh a lorg mar gheall an an ngníomhaíocht.