I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, caitheadh amach an cás in éadan bheirt fhear maidir le móin a bhaint ar phortaigh chaomhnaithe naoi mbliana ó shin.

Dúradh sa chúirt nach bhfuil sé i gceist ag an Stát leanacht leis an chás in éadan Patrick Lavin as an Mullán, an Dún Gar, Co Ros Comáin, agus Thomas Ward as Gort an tSléibhe, Baile Chláir, Co na Gaillimhe.

Bhí an bheirt fhear cúisithe i móin a bhaint ar phortach Bhéal Átha Mó ar theorainn na Gaillimhe le Ros Comáin i mí Mheáin an tSamhraidh 2013.

Nuair a tugadh os comhair cúirte den chéad uair iad in 2015, phléadáil siad neamhchiontach sna cúiseanna.

Inniu, sular roghnaíodh dhá ghiúiré le héisteacht leis an dá chás éagsúla, thug abhcóide an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí Conall McCarthy le fios nach raibh sé i gceist ag an Stát fianaise ar bith a chur i láthair agus dúirt go mbeadh an chúirt ag cur nolle prosequi ar an taifead sa dá chás.

Dúirt an Breitheamh Brian O’Callaghan leis an bheirt fhear go raibh cead a gcinn á ligean aige dóibh.

Thomas Ward (sa léine chorcra) agus Patrick Lavin (sa chóta fearthainne dubh) taobh amuigh den chúirt inniu

Taobh amuigh den chúirt, dúirt an Teachta Dála Neamhspleách i Ros Comáin, Michael Fitzmaurice, gur lá maith é seo do lucht bainte móna.

Dúirt sé fosta go bhfuil aitheantas tuillte ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra as an phlé a bhí ag an eagraíocht leis an lucht bainte móna le cúig bliana anuas.

Mhol an Teachta Fitzmaurice an dul chun cinn atá á dhéanamh sna cainteanna atá ar bun idir an dá dhream, agus dúirt gur mian leis na buanaithe réiteach a fháil ar an gceist.

Cháin sé, ámh, "an Eoraip" - mar a dúirt sé - chomh maith le "daoine neamhthofa", bídís ina gcoimisinéirí nó ina maorlathaithe atá fós ag cur litreacha tuairime chuig Rialtas na hÉireann faoin cheist.

Ba cheart dóibh éirí as sin, arsa Michael Fitzmaurice.

Ba bhocht an scéal é dá gcuirfí ar ais muid go dtí an t-am úd deich mbliana ó shin nuair a bhí muid in adharca a chéile, ar sé.