skip to main content

Iarratas ó iarbhainisteoir an Stardust caite amach san Ard-Chúirt

Bigil ag geataí Theach Laighean, Feabhra 2018
Bigil ag geataí Theach Laighean, Feabhra 2018

San Ard-Chúirt, caitheadh amach iarratas ó iarbhainisteoir chlub oíche an Stardust maidir le coiste cróinéara nua faoin tubaiste.

Maraíodh 48 duine óg de bharr dóiteáin sa chlub oíche in Ard Aidhin i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath Lá San Vailintín 1981.

Bhí bainisteoir an Stardust ag an am Éamon Butterly ag iarraidh ar an Ard-Chúirt ordú a thabhairt nach mbeadh cead ag giúiré an choiste cróinéara a rialú go raibh marú neamhdhleathach i gceist.

Rialaigh an Breitheamh Charles Meenan, áfach, go raibh cead ag giúiré fíorasc mar é a dhearbhú ar acht nach leagfaí an marú ar aon duine ar leith.

Mar sin féin, tharlódh sé, a dúirt an breitheamh, de réir mar a chuirfí an fhianaise os comhair an choiste cróinéara, nach gceadófaí don ghiúiré as a dheireadh a rialú gur marú neamhdhleathach a bhí i gceist.

Is faoin gcróinéir féin atá sé treoir a thabhairt don ghiúiré maidir leis an bhfíorasc, arsa an breitheamh.

Tubaiste an Stardust, Feabhra 1981

Bhí sé á mhaíomh ag Éamon Butterly gur air féin a leagfaí an milleán dá rialófaí go raibh marú neamhdhleathach i gceist.

Ba leis féin agus daoine eile óna theaghlach an Stardust nuair a tharla an dóiteán.

Chuir gaolta na marbh, an cróinéir, an tAire Dlí agus Cirt, an tArd-Aighne, Coimisinéir an Gharda Síochána agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, chuir siad uile in aghaidh iarratas Éamoin Butterly.