Tá sé deimhnithe gurbh é iarrthóir na heite clé Luiz Inácio Lula da Silva a bhuaigh an toghchán uachtaránachta sa Bhrasaíl.
Fíorbheagán - 50.9% den vóta le hais 49.1% - a bhí idir é agus an t-uachtarán atá ann faoi láthair, Jair Bolsonaro ón eite dheis.
D'iarr Lula ar mhuintir na Brasaíle teacht le chéile go síochánta i bhfianaise thoradh an toghcháin. Níl glactha go hoifigiúil fós ag Jair Bolsonaro leis an toradh agus níl sé soiléir an nglacfaidh.
Chaith Lula, atá 77 bliain d'aois, chaith sé dhá théarma ina uachtarán cheana idir 2003 agus 2010.
Ciontaíodh é in éillitheacht in 2017, áfach, agus gearradh téarma príosúin air an bhliain dar gcionn.
Cuireadh an ciontú ar neamhní anuraidh ar an mbonn go raibh an chúirt claonta ina aghaidh.
Tá sé á líomhnú le roinnt míonna ag Jair Bolsonaro agus a lucht tacaíochta go raibh an córas vótála leictreonaí réamhshocraithe ag lucht tacaíochta Lula.
Líomhnaíonn lucht Bolsonaro freisin go bhfuil comhcheilg ar bun ina aghaidh ag na cúirteanna, na meáin chumarsáide agus forais eile sa Bhrasaíl.
Ag labhairt dó ag slógadh mór i São Paulo - an chathair is mó sa Bhrasaíl - thug Lula le fios go raibh dúshlán mór millteach roimhe.
An t-ocras, an cúlú eacnamaíochta, an nimh san fheoil atá ag an dá eite pholaitiúla dá chéile agus dífhoraoisiú na hAmasóine - tá na mórcheisteanna sin ar fad agus eile ar an liosta le háireamh, ar sé.
Cháin sé freisin Jair Bolsonaro, atá 67 bliain d'aois, cháin sé é faoi nár ghlac sé fós le toradh an toghcháin.
Tá lucht tacaíochta Bolsonaro bailithe i bpríomhchathair na Brasaíle, Brasiila, agus iad ag diúltú glacadh leis an toradh.
Os a choinne sin, tuairiscítear go bhfuil cuid eile dá lucht tacaíochta sa chóras polaitíochta féin ag géilleadh don toradh.
Tá a scéal tréaslaithe le Lula ag Uachtarán na Stát Aontaithe Joe Biden, Uachtarán na Rúise Vladimir Putin agus príomhthaidhleoir an Aontais Eorpaigh Josep Borrell.
Chuir Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins teachtaireacht chomhghairdis chuig Lula freisin.
Dúirt an tUachartán Higgins ina theachtaireacht go raibh sé ag tnúth go mór le leanacht den chomhoibriú [idir Éire agus an Bhrasaíl].
Thug sé cuireadh don uachtarán tofa teacht go hÉirinn.