Tá sé ráite go patuar ag Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris go ngairmfidh sé toghchán tionóil ó thuaidh, ach ní dúirt sé cathain.
Thug an Stát-Rúnaí le fios nach gcaithfeadh sé an toghchán a ghairm láithreach, ach ghlac sé leis go raibh dualgas dlíthiúil air é a reáchtáil faoi cheann dhá sheachtain déag.
Á thuairimiú le roinnt laethanta a bhíothas gur ar an 15 Nollaig a reáchtáilfí an toghchán.
Shéan Chris Heaton-Harris nach raibh sé ag dul siar ar a raibh tugtha le tuiscint aige roimhe seo.
Mhaígh sé freisin go raibh teorainn leis na roghanna a bhí aige, ach dúirt go dtabharfadh sé tuilleadh sonraí an tseachtain seo chugainn faoina bhfuil ar intinn aige.
Ainneoin cúrsaí a bheith i sáinn, gheall an Stát-Rúnaí go leanfadh sé air ag caint leis na páirtithe polaitíochta.
Gheall sé chomh maith go ndéanfadh sé gach a bhféadfadh sé lena chinntiú nach mbeadh seirbhísí poiblí thíos leis.