Is cosúil nach bhfuil Stát-Rúnaí an Tuaiscirt Chris Heaton-Harris sásta fios a rúin a ligean le haon duine fós i dtaca leis an ngéarchéim pholaitíochta ó thuaidh de.
Ní dúirt an Stát-Rúnaí go dtí seo inniu ach go raibh sé thar a bheith díomách faoi nár bunaíodh Feidhmeannas Stormont arís agus thug sé le fios go ndéanfadh sé ráiteas faoin dualgas dlíthiúil atá air "gníomhú".
Ní dúirt sé, áfach, cathain a dhéanfadh sé an ráiteas ná níor thug sé leid cén cineál gnímh a bhí ar intinn aige.
Ina dhiaidh sin, dúirt sé go raibh pobal an Tuaiscirt i dteideal "rialtas cineachta lánfheidhmiúil" a bheith acu.
Bhí go dtí meán oíche aréir ag na páirtithe polaitíochta ó thuaidh an Feidhmeannas a bhunú arís sula leagfaí an cúram - nach raibh uaidh - ar an Stát-Rúnaí.
Bhí sé tugtha le fios aige roimhe seo nach mbeadh an dara rogha aige ach toghchán eile tionóil a ghairm mura mbunófaí an Feidhmeannas.
Rinneadh athiarracht i Stormont inné cur i luí gaidhte ar an DUP páirt a ghlacadh arís i bpríomhfhorais Stormont ach níor baineadh bogadh ná sá astu.
Agus ní bhogfaidh siad, a deir siad, nó go ndéanfar na leasuithe atá uathu ar Phrótacal an Tuaiscirt.
Bhí cainteanna inné ag priomhionadaí an Aontais Eorpaigh Maroš Šefčovič le Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine James Cleverly maidir leis an bprótcal.
Dúradh i ndiaidh na gcainteanna go raibh an bheirt fhear ar aon aigne gur chóir don dá thaobh leanacht den idirbheartaíocht.