skip to main content

Ábhar ó chartlann Robin Flower bronnta ar Ollscoil Chorcaí

Cuid de notaí taighde Robin Flower
Cuid de notaí taighde Robin Flower

Tá cuid de chartlann an scoláire Gaeilge Robin Flower bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Taisce chomh luachmhar lena méid óir ar a laghad - luach domheasta, i ndáiríre - atá san ábhar a bhronn garmhac Bhláithín, an tOllamh John Mitchell, ar an ollscoil.

Cuimsíonn an chartlann nótaí taighde Robin Flower, aistriúcháin Bhéarla a rinne sé ar dhánta Meán-Ghaeilge agus cáipéisí éagsúla eile.

In 1881 i Yorkshire a rugadh Robin Flower. Thosaigh sé ag foghlaim Gaeilge nuair a bhí sé ag obair i roinn na lámhscríbhinní i Músaem na Breataine i dtús an chéid seo caite.

D'fhoghlaim sé an teanga labhartha ó Thomás Ó Criomhthain ar an mBlascaod Mór ina dhiaidh sin.

Blianta ina dhiaidh sin arís, d'aistrigh sé dírbheathaisnéis Uí Chriomhthain An tOileánach go Béarla.

Robin Flower agus Tomás Ó Criomhthain

Tá cáil ar Robin Flower faoina shaothair eile léinn chomh maith, an Réamhrá a scríobh sé do na Dánta Grádha (1926) a chuir Tomás Ó Rathile in eagar i 1926 agus a leabhar féin The Irish Tradition (1947) - a foilsíodh bliain tar éis a bháis - ina measc.

Dúirt an tOllamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, Pádraig Ó Macháin, gur solaoid atá san ábhar cartlainne ar an obair a bhí ar bun ag Bláithín i gcomhar le daoine eile in Éirinn, i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, go háirithe sna blianta roimh an Dara Cogadh Domhanda.