skip to main content

"Cinntí míthaitneamhacha le déanamh agam" - Rishi Sunak

Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak
Príomh-Aire na Breataine, Rishi Sunak

Thug Príomh-Aire nua na Breataine Rishi Sunak le fios go mbeadh air "cinntí míthaitneamhacha" a dhéanamh chun "dul i ngleic leis an ngéarchéim mhór eacnamaíochta" - mar a dúirt sé féin - atá i ndán don phobal thall.

Ag labhairt dó i Sráid Downing, tar éis don Rí Séarlas a cheapachán mar Phríomh-Aire a dhearbhú, mhaígh Rishi Sunak go gcuirfeadh sé ina gceart na botúin a rinne a réamhtheachtaí Liz Truss a d'éirigh as go hoifigiúil ar maidin inniu.

Murab ionann agus Liz Truss, creidtear nach dá lucht tacaíochta féin amháin a thabharfas sé poist ina rialtas nua agus go mbeidh sé níos meáite ná í ón taobh sin de.

Dealraíonn sé go bhfágfaidh sé Jeremy Hunt ina Sheansailéir Státchiste, cé gurb í Liz Truss a cheap eisean corradh beag le seachtain ó shin.

Cuireadh i leith Liz Truss agus a cuid airí nach raibh aon amhail acu in anró an phobail ach mhaígh Rishi Sunak inniu gur thuig seisean cé chomh crua agus atá an saol ag daoine faoi láthair.

Níl Rishi Sunak ag cur iúl ar bith, áfach, in éileamh Pháirtí Lucht Oibre na Breataine olltoghchán a ghairm, siúd is gurb é an tríú Príomh-Aire ag na Tóraithe é ó bhí an toghchán deireanach ann trí bliana ó shin.

Dar leis an Lucht Oibre go bhfuil na Caomhaigh stangtha ag a bpraiseach féin agus gur mithid guth a thabhairt don phobal sa scéal.

Is é Rishi Sunak, atá 42 bliain d'aois, an chéad duine de bhunadh na hIndia a ceapadh mar Phríomh-Aire na Breataine.

Is é an chéad Phríomh-Aire Hiondúch é, ar ndóigh, agus an Príomh-Aire is óige le breis agus 200 bliain.

Thréaslaigh an Taoiseach Micheál Martin a cheapachán le Rishi Sunak agus mheabhraigh sé don Phríomh-Aire nua an dualgas atá ar an mbeirt acu araon - agus i gcomhar le chéile - Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.

D'iarr an Taoiseach ar Rishi Sunak an deis a thapú agus iarracht a dhéanamh gan mhoill teacht ar chomhréiteach in éindí leis an Aontas Eorpach ar na ceisteanna achrannacha a bhaineann le Prótacal an Tuaiscirt.