Tá Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine Suella Braverman éirithe as a post tráthnóna tar éis di cáipéis oifigiúil a sheoladh óna cuntas pearsanta ríomhphoist seachas ó chuntas rialtais.
Thug Suella Braverman í féin le fios i litir a sheol sí chuig Príomh-Aire na Breataine Liz Truss tráthnóna gur "sárú teicniúil" ar rialacha an rialtais a bhí ann.
Dúirt sí sa litir gur botún a bhí ann, mar sin féin, an cháipéis a sheoladh óna cuntas pearsanta agus dúirt go raibh freagracht as an mbotún sin á glacadh aici.
Ní hé sin an scéal ar fad, áfach. Sa litir chéanna, mhaígh Suella Braverman go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus atá Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh.
Tuigtear gur ceist na n-imirceach is mó atá ar intinn aici sa mhéid seo.
Dúirt Suella Braverman freisin gur léir gur am fíorchorrach é seo [i bpolaitíocht na Breataine].
Mhaígh sí "nach féidir linn ligean orainn féin nach ndearnamar botúin agus leanúint orainn ar nós go bhfuil daoine eile dall ar na botúin sin."
Buille mór eile é don Phríomh-Aire Liz Truss a mb'éigean di Seansailéir an Státchiste Kwasi Kwarteng a bhriseadh as a phost Dé hAoine seo caite agus atá i gcúngach polaitiúil an-chúng go deo ó shin.
Tá Grant Shapps ceaptha ina Rúnaí Gnóthaí Baile ag Liz Truss tráthnóna, fear a thacaigh le Rishi Sunak seachas Liz Truss do cheannaireacht an Pháirtí Chaomhaigh sa samhradh.