Tá sé tugtha le fios ag Arm na Rúise go bhfuil sibhialtaigh á n-aslonnú ó chathair Kherson i ndeisceart na hÚcráine mar gheall ar an tréanchogaíocht atá ar bun ansin faoi láthair.
Tá Kherson faoina smacht ag na Rúisigh ó thús an Mhárta, ach tuairiscítear go bhfuil sé ag dul rite leo greim a choinneáil uirthi agus fórsaí Úcránacha atá ag fáinniú na háite a bhrú siar.
Go deimhin, d'admhaigh ceannasaí míleata na Rúise san Úcráin, an Ginearál Sergey Surovikin, go raibh na hÚcránaigh ag ciapáil lena chuid fórsaí sa cheantar agus go raibh an scéal ag dul in imní dó.
Níl sé soiléir cé mhéad duine atá aslonnaithe ó Kherson ag na Rúsigh ná cé mhéad a bhfuil rún acu a aslonnú, ach tuarisicítear gur áitribh ar bhruach thiar na Dnípire is mó atá á dtréigean.
Tá Kherson i gceann de na ceithre réigiún a deir na Rúisigh atá ionghafa acu. Calafort agus mol tábhachtach eacnamaíochta is ea Kherson.
Tá an pobal sa chuid eile den Úcráin ag brácáil leis an saol freisin, go háirithe i bhfianaise straitéis na Rúiseach saoráidí fuinnimh na tíre a chur ó mhaith.
Thug Rialtas na hÚcráine le fios go bhfuil an tríú cuid de na saoráidí sin scriosta cheana féin ag roicéid agus dróin na Rúiseach, agus go bhfuil soláthar fuinnimh na tire go mór i mbaol agus an geimhreadh ag teacht.
Deirtear gur maraíodh 70 duine, gur donaíodh 300 agus go bhfuil barr ar 1,100 baile agus sráidbhaile i naoi réigiún fágtha gan aon chumhacht aibhléise ó chuir na Rúisigh tús leis an tuairgneáil chomhordaithe deich lá ó shin.