Sa Chúirt Choiriúil Speisialta, phléadáil Gerard Hutch - an fear dá ngairtear "The Monk" - neamhchiontach i ndúnmharú David Byrne in Óstán an Regency i mBaile Átha Cliath sé bliana ó shin.
Shéan Gerard Hutch, 59 bliain d'aois, nach ndúirt sé le fear eile - Jonathan Dowdall - go ndearna sé an dúnmharú, mar atá á mhaíomh ag an ionchúiseamh.
Mhaígh abhcóide an ionchúisimh Seán Gillane sa chúirt inniu gur bhuail an cúisí le Jonathan Dowdall i bpáirc i bhFionnbhrú i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath i ndiaidh an mharaithe agus go ndúirt sé leis go raibh sé "ar dhuine den fhoireann" a lámhaigh David Byrne.
Dúradh sa chúirt freisin gur thug Jonathan Dowdall eochairchárta seomra in Óstán an Regency an oíche roimh an ionsaí lámhaigh do dhuine den seisear a ghlac páirt ann.
Iarbhall de Shinn Féin is ea Jonathan Dowdall agus bhí sé ina chomhairleoir cathrach ag an bpáirtí sin ar feadh thart ar dheich mí idir 2014 agus 2015.
Meastar go mairfidh triail Gerard Hutch dhá sheachtain déag ar a laghad agus tá Jonathan Dowdall le fianaise a thabhairt ina aghaidh.
Tháinig beirt fhear eile as Baile Átha Cliath os comhair na cúirte inniu chomh maith ar chúiseanna a bhaineann le dúnmharú David Byrne.
Tá sé curtha i leith na beirte - Jason Bonney, 50 bliain, agus Paul Murphy, 59 bliain - gur chuidigh siad le drong coireachta an dúnmharú a dhéanamh nuair a chuir siad gluaisteáin ar fáil do na marfóirí. Phléadáil siad araon neamhchiontach.
Sa Chúirt Choiriúil Speisialta inné, gearradh téarma príosúin cheithre bliana ar Jonathan Dowdall a d'admhaigh gur chuidigh sé le drong coireachta David Byrne a dhúnmharú.