Tá Seansailéir na Breataine Kwasi Kwarteng briste as a phost ag an bPríomh-Aire Liz Truss i bhfianaise neamhghlacadh na margaí airgeadais lena pholasaithe fioscacha agus chomhéirí fheisirí parlaiminte an Pháirtí Chaomhaigh.
Tá iar-Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine Jeremy Hunt ceaptha ina Sheansailéir ina áit.
Thug Liz Truss le fios go mb'oth léi imeacht Kwasi Kwarteng agus mhaígh go raibh an leas náisiúnta curtha aige roimh a leas féin.
Baineann an scéal leis an gcaoi ar glacadh agus nár glacadh leis an mionbhuiséad a d'fhógair Kwasi Kwarteng trí seachtaine ó shin, go gairid tar éis do Liz Truss a bheith tofa ina Príomh-Aire.
De réir an mhionbhuiséid - a raibh an Seansailéir agus an Príomh-Aire ar aon intinn faoi - thabharfaí raon leathan ciorruithe cánach isteach agus dhírialófaí tuilleadh earnálacha den gheilleagar le súil borradh úr eacnamaíochta a chur faoin mBreatain.
Bhain na polasaithe seo scanradh as lucht na margaí airgeadais, áfach, agus thit luach an phuint, agus d'ardaigh costais morgáistí agus iasachtaí eile.
Ag preasócáid tráthnóna, d'fhógair Liz Truss go bhfuil rún aici anois dul siar ar cheann dá polasaithe agus cáin chorparáideach a ardú mar a bhí beartaithe ag Boris Johnson roimpi.
Níl sé soiléir, ámh, an leor na himeachtaí seo le Liz Truss í féin a thabhairt slán óna heascairde sa Pháirtí Caomhach.
Ní róshásta, ná baol air, atá feisirí an pháirtí faoina bhfuil á dtabhairt le fios ag na pobalbhreitheanna le gairid. Dá mb'fhíor do na pobalbhreitheanna sin, agus dá mbeadh olltoghchán ann gan mhoill, dhéanfaí slad ar na Tóraithe.
118 lá an tréimhse ba ghairide a chaith aon duine mar Phríomh-Aire na Breataine. B'in é an Tóraí George Canning sa bhliain 1827.
Ní bheidh an méid sin laethanta caite ag Liz Truss i Sráid Downing go dtí 2 Eanáir na bliana seo chugainn, ma bhíonn.