skip to main content

Tuilleadh agóidí faoi chostais arda beartaithe ag mic léinn

Mic léinn i mbun agóide in Ollscoil na Gaillimhe
Mic léinn i mbun agóide in Ollscoil na Gaillimhe

Shiúil na céadta mac léinn amach as léachtlanna i gcoláistí tríú leibhéal go gairid tar éis 11 a chlog ar maidin inniu lena míshástacht a chur in iúl faoin chostas ard maireachtála agus faoin ghéarchéim lóistín agus cíosa.

Chuaigh na scoláirí i mbun agóide ina dhiaidh sin ar fhaichí agus ar chearnóga a gcuid campas ollscoile.

Tá deacrachtaí ag daoine óga ar fud na tíre lóistín inacmhainne a aimsiú gar don choláiste agus caithfidh go leor acu turas fada a dhéanamh gach lá le go dtig leo leanacht dá gcúrsa léinn.

Tá siad ag achainí ar an Rialtas srianta a chur ar chíos do mhic léinn, fóirdheontas lóistín a thabhairt dóibh agus breis lóistín do mhic léinn nach mbeadh faoi smacht na hearnála príobháidí a chur ar fáil.

Mic léinn i mbun agóide i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Cé gur cheadaigh an Rialtas laghdú €1,000 ar tháillí ollscoile don bhliain acadúil seo, tá na comhaltais éagsúla ag iarraidh go dtabharfaí an t-aitheantas airgeadais cuí d'iarchéimithe dochtúireachta a mhúineann ranganna ollscoile mar chuid dá gcúraimí.

Dúirt Aontas na Mac Léinn in Éirinn, a d'eagraigh an agóid náisiúnta inniu, nach bhfuil ann ach tús an fheachtais ar son a gceart.

Ag an agóid in Ollscoil na Gaillimhe, dúradh go raibh neart deiseanna ag Fianna Fáil agus Fine Gael tabhairt faoin bhfadhb lóistín ach gur léir nach raibh aon iarrachtaí déanta acu.

Meabhraíodh do mhic léinn a bhí páirteach san agóid taobh amuigh d’áras na ndána agus na n-eolaíochtaí i nGaillimh clárú le vótáil le go mbeadh guth acu sa chéad olltoghchán eile.