Beainín neamhspleách a bhí i Leona Harper, a d'imigh uainn ró-óg ach a raibh saol mór iomlán caite aici cheana féin, a dúradh ag a sochraid i Ráth Mealtain, Co Dhún na nGall, inniu.
Bhí Leona, arbh as Barr an tSléibhe i Leitir Ceanainn í, ar dhuine den deichniúr a maraíodh de bharr na pléisce a tharla ag an stáisiún seirbhísí sa Chraoslach sé lá ó shin.
Bhí sí ag stopadh le cara léi sa Chraoslach agus bhí sí ag ceannach uachtar reoite sa stáisiún seirbhísí nuair a tharla an phléasc.
I Séipéal Mhuire i Ráth Mealtain a léadh an tAifreann éagnairce tráthnóna. Is ann a baisteadh Leona, is ann a ghlac sí a a Céad Chomaoineach, agus díreach trí bliana ó shin, is ann fosta a chuaigh sí faoi lámh easpaig.

In ómós do Leona, thionlaic dhá tharracóir an t-eileatram chun an tséipéil ó bhí a croí san fheirm, sna hainmhithe agus sa talamh.
Bhailigh na sluaite le comhbhrón a dhéanamh lena hathair agus a máthair, Hugh agus Donna, a beirt deartháireacha, Anthony agus Jamie, agus a seanmháthair, Mary Doherty.
Ina measc, bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, ionadaithe ó chumann rugbaí Leitir Ceanainn, chomh maith le daltaí ó Bhunscoil Mhuire i Ráth Mealtain agus ó Choláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach.
Ina aitheasc, dúirt an tAthair Michael Carney gur chuir an tragóid i gcuimhne dó an drochaimsir a thagann go tobann ar mhullach na Mucaise, an sliabh cáiliúil os cionn an Chraoslaigh. Tá scamall trom dorcha - mar a bheadh ar an sliabh - os cionn an phobail anois, ar seisean.

Thug an tAthair Carney le fios go raibh ceithre ancaire ina saol ag Leona. B'in iad a teaghlach, a cairde, a caithimh aimsire agus an scoil.
Bhí dúil aici sa cheol agus sa damhsa, a dúirt an sagart, agus bhí dúil ar leith aici i Loch Gartáin - áit bhreithe Naomh Colm Cille.
Bean mhór spóirt a bhí inti, ar sé, agus spreag léithéidí Kelly Harrington agus Katie Taylor an tsuim a chuir sí sa dornálaíocht. Bhí an-dúil aici fosta sa rugbaí agus i gclub sacair Liverpool.
Ar scoil, arsa an tAthair Carney, bhí gealadh faoina cuid ealaíne.
Dúirt sé go raibh Leona neamhspleách agus ábalta labhairt amach ar a son féin agus ar a son siúd nach raibh.
Cuireadh Leona i Reilig an Tearmainn in aice na Mucaise agus lámh le Gartán.
I mbachlainn Cholm Cille go raibh a hanam óg!