skip to main content

Leithscéal gafa faoi dhuan bua a chan foireann na hÉireann aréir

Foireann sacair ban na hÉireann i nGlaschú aréir
Foireann sacair ban na hÉireann i nGlaschú aréir

Tá leithscéal gafa ag Cumann Peile na hÉireann (FAI) faoi ábhar cheann de na duanta bua a chan foireann sacair ban na hÉireann tar éis dóibh cáiliú do Chorn an Domhain i nGlaschú in Albain aréir.

Foilsíodh físeán ar na meáin shóisialta de na mná sa seomra feistis i ndiaidh an chluiche agus rosc catha ag moladh an IRA á bhladhradh acu.

I ráiteas, ghabh Cumann Peile na hÉireann agus bainisteoir fhoireann na mban Vera Pauw "leithscéal le haon duine atá maslaithe" ag iompar na foirne.

Dúirt Vera Pauw gur labhair sí leis na mná cheana féin ar maidin inniu agus go bhfuil aiféala orthu ar fad faoin duan áirithe sin a chasadh.

Thug sí le fios freisin go meabhrófar arís don fhoireann an fhreagracht atá orthu i gcúinsí den sórt seo.

Ag labhairt di ar RTÉ, ghabh duine de na himreoirí Áine O'Gorman leithscéal thar ceann na foirne.

Mhaígh sí gur chan siad céad amhrán i ndiaidh an chluiche aréir agus [ar an drochuair] gurbh é an rosc catha faoin IRA an ceann a scaipeadh ar na meáin shóisialta.