Sa Ghearmáin, tá an duine is mó atá faoi amhras maidir le cás an chailín óig Madeline McCann cúisithe i gcionta gnéis a tharla sa Phortaingéil idir na blianta 2000 agus 2017.
Fógraíodh inniu go bhfuil Christian Brueckner, fear Gearmánach 45 bliain d'aois, cúisithe ag na húdaráis i gcathair Braunschweig i gcúig chion gnéis.
Trí chúis éignithe agus dhá chúis maidir le drochúsáid ghnéasach leanaí atá curtha ina leith. Tá éigniú mná as Éirinn in 2004 ar cheann na de na cúiseanna.
Chonacthas Madeline McCann go deireanach ar an 3 Bealtaine 2007 agus í ar saoire lena muintir in Praia da Luz i ndeisceart na Portaingéile.
Bhí an gearrchaile beagnach ceithre bliana d'aois nuair a d'imigh sí as an árasán a raibh an teaghlach ag fanacht ann agus níl tásc ná tuairisc uirthi ó shin.
Tá téarma príosúin seacht mbliana á chur isteach ag Christian Brueckner sa Ghearmáin faoi láthair as bean Mheiriceánach 72 bliain a éigniú in Praia da Luz in 2005.
Cé gur ceistíodh é faoi chás Madeline McCann, shéan sé nach raibh aon bhaint aige lena himeacht.