skip to main content

Tar éis 22 seachtain sna pictiúrlanna in Éirinn agus san Ríocht Aontaithe tá €1 milliún saothraithe ag an scannán neamhspleách.

Catherine Clinch agus Carrie Crowley san scannán An Cailín Ciúin.
Catherine Clinch agus Carrie Crowley san scannán An Cailín Ciúin.

Tar éis 22 seachtain a chaitheamh sna pictiúrlanna in Éirinn agus san Ríocht Aontaithe tá breis is €1 milliún saothraithe ag an scannán An Cailín Ciúin ag oifig na dticéad anois, éacht do scannán neamhspleách.

Ó eisíodh an scannán mí na Bealtaine seo caite, tá slám gradam buaite aige ag féilte idirnáisiúnta scannán agus tá léirmheasanna 5 réalt gnóthaithe aige.

Is é An Cailín Ciúin iontráil na hÉireann sna Gradaim Oscar sa gcatagóir Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag an 95ú ócáid bhliantúil i Hollywood a bheidh ar siúl go luath san athbhliain.

Is ar Foster, scéal a bhfuil ardmheas air leis an údar Éireannach Claire Keegan atá An Cailín Ciúin bunaithe. Is dráma cáiréiseach ón gcroí é faoi theacht in aois, ina bhfiosraítear go mion a bhfuil i gceist le teaghlach, trí shúile chailín óig a bhfuil neamart déanta uirthi.

Amuigh faoin tír in Éirinn sa mbliain 1981 atá sé bunaithe, scéal Cháit (Catherine Clinch) tráth a seoltar í óna teach plódaithe achrannach chuig gaolta i bhfad amach, le fanacht ina cónaí leo ar feadh an tsamhraidh.

Is í Cleona Ní Chrualaoi in Inscéal a léirigh An Cailiún Ciúin faoi scéim mhaoinithe Cine4 do scannán Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le TG4, Fís Éireann agus Údarás Craolacháin na hÉireann (an BAI). Fuair an scannán dreasacht chánach Alt 481 ó Rialtas na hÉireann freisin.